Edinburgh Research Explorer

Alasdair MacGilleMhícheil (1832 – 1912) béaloideas agus cultúr ábhartha

Research output: Contribution to conferencePaper

Original languageOther
Publication statusUnpublished - 2012
EventComhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge 2012 - Galway, Ireland
Duration: 12 Oct 201213 Oct 2012

Conference

ConferenceComhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge 2012
CountryIreland
CityGalway
Period12/10/1213/10/12

Abstract

Chruinnigh Alasdair MacGilleMhíchéil (1832 – 1912) béaloideas agus cultúr ábhartha ó na hOileáin Iartharacha (Western Isles) fad tréimhse caoga bliain. Sa chéim dheireannach den tionscadal seo, Tionscadal MhicGilleMhícheil MhicBhatair, cuireadh a chuid leabhair nótaí ar líne in aon chatalóg amháin. Tá níos mó ná 500,000 focal sa chatalóg agus réimse ollmhór d’ábhar idir amhrán, stair, ortha, seandálaíocht agus piseoga.
Sa chéim seo den tionscadal, le tacíocht ón Leverhulme Trust, táimid ar díriú isteach ar a chnuasach de chultúr ábhartha atá lonnaithe in Iarsmalann na Garbhchríocha Thiar, sa Ghearasdán agus Iarsmalann Náistiúnta na hAlba i nDún Éideann. Tá a chnuasach phearsanta sa Ghearasdán mór go leor le thart ar trí chéad oibiacht ann agus tríocha cúig eile i nDún Éideann, agus cabhríonn siad seo uilig lenár dtuiscint ar cultúr ma n-oileán.
Sa pháipéar seo tabharfaidh mé cunntas ar na hoibiachtaí sa chnuasach, ag díriú go háirithe ar iadsan atá comhchoiteann in Albain agus Éirinn. Ina measc seo béarfaidh mé súil ar na sliogáin bó léid, na huirlisí talmhaíochta agus na briochtaí. Labhróidh mé, mar chríoch, ar an gcaidreamh idir Éire is Alba agus na modhanna éagsúla cnuasachta a bhí á chleachtadh.

Event

Comhdháil ar Litríocht agus Cultúr na Gaeilge 2012

12/10/1213/10/12

Galway, Ireland

Event: Conference

ID: 5819283